You are here: About Us » Board of Directors

Board of Directors

Board of Directors

Bernie Gray

Bernie Gray (Chairperson ¦ Cathaoirleach)

Bernie Gray was appointed to the Board of EirGrid in September 2005 for a five-year term. She was appointed Chairperson in April 2006. She formerly worked with Eircom between 1984 and 2002, holding a number of management positions within Finance and HR areas and latterly served as HR Director from 1998 to 2002. She also served as a Worker Director of The Company between 1988 and 1992. Ms. Gray is currently Chairperson of EirGrid and a member of the Board of the Public Appointments Service, and works as an independent HR consultant working with a range of public and private sector companies.

Ceapadh Bernie Gray chuig Bord EirGrid i Meán Fómhair 2005 ar feadh téarma cúig bliana. Ceapadh ina cathaoirleach í in Aibreán 2006. D’oibrigh sí le Eircom roimhe sin, idir 1984 agus 2002, áit a raibh poist bhainistíochta aici i réimse an Airgeadais agus i réimse na nAcmhainní Daonna agus bhí sí ina Stiúrthóir Acmhainní Daonna ó 1998 go 2002. Bhí sí ina Stiúrthóir Oibrithe ag an gcuideachta idir 1988 agus 1992. Faoi láthair, is í Cathaoirleach EirGrid í agus is comhalta de Bhord na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí í. Déanann sí obair mar shainchomhairleoir Acmhainní Daonna neamhspleách le raon cuideachtaí ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach.

Fintan Slye

Fintan Slye (Chief Executive ¦ Príomhfheidhmeannach)

Fintan Slye was appointed Chief Executive of EirGrid on 1 October, 2012.  He had previously held the position of Director of Operations of EirGrid, in which he had responsibility for the operation of the power system in Ireland and Northern Ireland, as well as for managing EirGrid and SONI’s programme of work to facilitate the integration of world-leading levels of renewables on the power system. Before his appointment to that position, Fintan worked for McKinsey & Co in their Dublin office, supporting companies across Ireland, UK and Europe.  Prior to that, he held a number of project and management roles in ESB National Grid and ESB International. Fintan completed a Masters in Business Administration from UCD in 2001 and a Masters in Engineering Science in 1993.

Ceapadh Fintan Slye ina Phríomhfheidhmeannach ar EirGrid an 1 Deireadh Fómhair 2012.  Bhíodh sé ina Stiúrthóir Oibríochtaí le EirGrid agus bhí freagracht air as oibriú an chórais chumhachta in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann agus as clár oibre EirGrid agus SONI a bhainistiú chun comhcheangal méideanna ceannródaíocha d’ábhair in-athnuaite sa chóras cumhachta a éascú. Roimh an bpost sin, d’oibrigh Fintan le McKinsey & Co ina n-oifig i mBaile Átha Cliath, áit ar thug sé tacaíocht do chuideachtaí ar fud na hÉireann, na Ríochta Aontaithe agus na hEorpa.  Roimhe sin arís, bhí roinnt poist tionscadail agus bhainistíochta aige le hEangach Náisiúnta BSL agus le BSL Idirnáisiúnta. Ghnóthaigh Fintan Máistreacht i Riarachán Gnó ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, in 2001 agus Máistreacht san Eolaíocht Innealtóireachta sa bhliain 1993.

 

Niamh Cahill

Niamh Cahill (Company Secretary and Company Lawyer ¦ Rúnaí Cuideachta agus Dlíodóir Cuideachta)

Lawyer Niamh Cahill is the Company Secretary and Company Lawyer for EirGrid plc the electricity Transmission System Operator and jointly with SONI Ltd the Single Electricity Market Operator for the Island of Ireland. Niamh a graduate of NUI Galway BA (Hons) and LL B (Hons) and holds a BL from King’s Inns, Dublin. She was called to the Bar in Ireland in 1985 and the UK Bar (Middle Temple Inn) in 1988. She has extensive experience both in private practice (Four Courts, Ireland) and as an in-house legal Counsel worked for a wide range of major international private and public companies in the Republic of Ireland and the UK. Prior to joining EirGrid, Niamh worked as a senior commercial Lawyer within ESB Group, where she had responsibility for managing and mitigating a wide range of commercial legal risks in the Irish electricity market and ESB’s international investments.

Tá Niamh Cahill ina Rúnaí Cuideachta agus ina Dlíodóir Cuideachta ag EirGrid, an tOibritheoir Córais Tarchuir agus, i gcomhar le SONI, an tOibritheoir Margaidh Leictreachais Aonair d’Oileán na hÉireann. Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Niamh - BA (Onóracha) agus LLB (Onóracha) agus tá BL bainte amach aici ag Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath. Glaodh chun an bharra in Éirinn uirthi i 1985 agus glaodh chun barra na Ríochta Aontaithe (Middle Temple Inn) uirthi i 1988. Tá taithí fhorleathan aici ar obair mar chleachtóir príobháideach (na Ceithre Chúirteanna, Éire) agus ar obair mar abhcóide dlí intí ar son cuideachtaí móra idirnáisiúnta poiblí agus príobháideacha i bPoblacht na hÉireann agus sa Ríocht Aontaithe freisin. Sular tháinig sí ag obair d’EirGrid, chaith sí ocht mbliana ina dlíodóir tráchtála sinsearach taobh istigh de Ghrúpa BSL áit a raibh sí freagrach as raon leathan rioscaí dlíthiúla tráchtála a bhainistiú agus a mhaolú maidir le margadh leictreachais na hÉireann agus le hinfheistíochtaí idirnáisiúnta BSL.

Martina Moloney

Martina Moloney

Martina Moloney was appointed to the Board in September 2004 for a period of five years. A career official in the local government sector, she currently holds the position of County Manager with Galway County Council: it serves more than 160,000 people, has an annual spend in excess of €350 million, and has a staff of 1,400. Prior to joining Galway County Council, she worked with six other local authorities; these included Louth County Council where she held the position of County Manager, and Galway City Council where she was Director of Services with responsibility for corporate services, community and enterprise. She holds a BA in Public Administration and an MA in Public Management. She is a member of the Institute of Accounting Technicians. She is also a board member of both the Heritage Council and Irish Water Safety.  

Ceapadh Martina Moloney chuig an mBord i Meán Fómhair 200_ do thréimhse cúig bliana. Is oifigeach gairme in earnáil an rialtais áitiúil í agus is í Bainisteoir Contae Chomhairle Contae na Gaillimhe í faoi láthair: Freastalaíonn an Chomhairle Contae ar bhreis agus 160,000 duine, tá caiteachas bliantúil de bhreis agus €350 milliún aici agus foireann 1,400 duine. Sula ndeachaigh sí ag obair le Comhairle Contae na Gaillimhe, d’oibrigh sí le sé údarás áitiúla eile; airítear orthu seo, Comhairle Contae Lú áit a raibh sí ina Bainisteoir Contae agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe áit ina raibh sí ina Stiúrthóir Seirbhísí agus freagracht uirthi as seirbhísí corparáide, seirbhísí pobail agus seirbhísí fiontair. Tá BA i Riarachán Poiblí agus MA i mBainistíocht Phoiblí bainte amach aici. Is comhalta d’Institiúid Teicneoirí Cuntasaíochta í. Chomh maith leis sin is comhalta boird í ar an gComhairle Oidhreachta agus ar Shábháilteacht Uisce na hÉireann.

Dr Joan Smyth

Dr Joan Smyth

Joan Smyth was appointed to the EirGrid Board in June 2009 for a period of five years.  She is Chairman of the Progressive Building Society for the past five years and a Director of Trinity Housing Association.  She is also President of the Red Cross, Northern Ireland.  In 2009 she completed more than five years in office as Chair of the Chief Executives' Forum. She has served two terms as Chair of the Northern Ireland Transport Holding Company from 1 July 1999 to 30 June 2005 and was Chair of the Equal Opportunities Commission for NI from 1992 (Chair & Chief Executive until 1 October 1998) remaining in post until the new Equality Commission was established in October 1999.  She was elected to the Board of the British Council in September 1999 and has chaired its Northern Ireland Committee. Dr Smyth has a BSc (Econ) from Queen’s University, Belfast and is a Companion of the Institute of Personnel and Development.  She is an Independent Assessor for Public Appointments.  Dr Smyth is also a past Federation President of Soroptimist International of Great Britain and Ireland.  She was awarded a CBE in the 1998 New Year’s Honours List.

Ceapadh Joan Smyth mar bhall de Bhord EirGrid i mí an Mheithimh 2009 do thréimhse chúig bliana. Tá sí ina Cathaoirleach ar an gCumann Forásach Foirgníochta (Progressive Building Society) le cúig bliana anuas chomh maith le Stiúrthóir ar Chomhlachas Trinity Housing. Sa mhullach air sin, tá sí ina huachtarán ar an gCros Dhearg, Tuaisceart Éireann. Chuir sí breis is cúig bliana oifige di in 2009 mar Chathaoirleach ar Fhóram na bPríomhfheidhmeannach. Tá dhá théarma comhlíonta aici mar Chathaoirleach ar Chuideachta Shealbhóireachta Iompair Thuaisceart Éireann (Northern Ireland Transport Holding Company) ón 1 Iúil 1999 go dtí an 30 Meitheamh 2005 agus bhí sí ina Cathaoirleach ar an gCoimisiún um Chomhdheiseanna (Equal Opportunities Commission) do Thuaisceart Éireann ó 1992 (Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach go dtí an 1 Deireadh Fómhair 1998) agus d'fhan sí leis an bpost seo nó gur bunaíodh an Coimisiún Comhionannais nua i mí Dheireadh Fómhair 1999. Toghadh í ar Bhord Chomhairle na Breataine i mí Mheán Fómhair 1999 agus bhí sí ina Cathaoirleach ar an gCoiste i dTuaisceart Éireann lena mbaineann. Bhain an Dr Smyth BSc (Eacnamaíocht) amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus is Compánach den Fhoras um Pearsanra agus Forbairt í. Is Measúnóir Neamhspleách í um Cheapacháin Phoiblí, agus ina theannta sin, bhí an Dr Smyth ina hUachtarán Cónaidhme ar an gCumann ‘Ball den Seathras Soirbhíoch Idirnáisiúnta’ (Soroptimist International) sa Bhreatain Mhóir agus in Éirinn. Bronnadh CBE uirthi ag Liosta Gradam na Banríona don Bhliain Nua, 1998.

Richard Sterling

Richard Sterling

Richard Sterling is former Managing Director of Coolkeeragh Power Limited based in Derry and is a past President of Londonderry Chamber of Commerce.  He was appointed a Board Member of Ilex, the Urban Regeneration Company for the Derry City Council area in 2003, and during his six year term he served as Acting Chairman and Deputy Chairman.  Richard was awarded an OBE in 2003 for services to the Basic Skills Committee and to business in Northern Ireland.

Iarstiúrthóir Bainistíochta is ea Richard Sterling ar Coolkeeragh Power Limited, atá bunaithe i nDoire agus is iar-Uachtarán é ar Chumann Tráchtála Dhoire. Ceapadh ina Bhall den Bhord é de chuid Ilex, an Chuideachta um Athghiniúint Uirbeach do cheantar Chomhairle Cathrach Dhoire in 2003, agus ghlac sé le feidhm Chathaoirligh Ghníomhaigh agus Leaschathaoirligh i rith na sé bliana de théarma a chaith sé ann.   Bronnadh OBE ar Richard in 2003 don mhéid a rinne sé ar son Choiste na mBunscileanna (Basic Skills Committee) agus ar son an ghnó i dTuaisceart Éireann.

Ms Regina Moran

Regina Moran

Regina Moran was appointed Chief Executive Officer of Fujitsu (Ireland) Ltd. in 2009. Following her third level education in Engineering undertaken in Waterford and Cork, Regina’s career began as an Electronics Engineer with Amdahl, a computer mainframe manufacturer in 1986 progressing to become a co-founder of the services and consulting group in 1993. In 1997, Regina was co-founder of DMR Consulting Ireland where she held the role of Director of Operations responsible for Project Delivery. DMR Consulting was acquired by Fujitsu subsequently merging with Fujitsu Services in April 2004. Regina was appointed CEO of Fujitsu Services in August 2006. Regina is the current Chair of ICT Ireland within IBEC and an elected Member of the Council of Dublin Chamber of Commerce. She is a Fellow of the Institution of Engineers of Ireland (FIEI). Regina holds an MBA from Dublin City University and was awarded the ‘Sir Charles Harvey Award’ for outstanding contribution in her post-graduate studies. She is a member of the Dublin City University Governing Council and sits on the Audit Committee.

Ceapadh Regina Moran mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Fujitsu (Éire) teoranta sa bhliain 2009. I ndiaidh di oideachas tríú leibhéal san Innealtóireacht a bhaint amach i bPort Láirge agus i gCorcaigh, chuaigh Regina i mbun oibre mar Innealtóir Leictreonaice le Amdahl, monaróir mór-ríomhaire sa bhliain 1986 go ndeachaigh sí ar aghaidh le bheith ina comhbhunaitheoir ar an ngrúpa seirbhísí agus comhairliúcháin sa bhliain 1993. Sa bhliain 1997, bhí Regina ina comhbhunaitheoir ar DMR Consulting Ireland agus ról aici mar Stiúrthóir na nOibríochtaí freagrach as Seachadadh Tionscadal. Ghnóthaigh Fujitsu DMR Consulting agus ina dhiaidh sin rinne cumasc le Fujitsu Services in Aibreán na bliana 2004. Ceapadh Regina ina POF ar Fujitsu Services i mí Lúnasa 2006. Tá Regina ina Cathaoirleach i láthair na huaire ar ICT Ireland laistigh de Chónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann agus tá sí ina Comhalta tofa de Chomhairle Chomhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath. Tá sí ina comhalta d’Institiúid na nInnealtóirí in Éirinn. Tá MBA ag Regina ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus bronnadh ‘Dámh Sir Charles Harvey’ uirthi mar gheall ar an méid ollmhór a bhain sí amach ina cuid staidéir iarchéime. Tá sí ina ball de Chomhairle Rialaithe Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus suíonn sí ar an gCoiste Iniúchóireachta.

 

Dr. Gary Healy

Dr. Gary Healy

Dr. Gary Healy is the head of regulation and public policy at Telefonica O2 and vice-chair of the Telecommunications Internet Federation in IBEC. Dr Healy was Director of Market Development in the Commission for Communication Regulation (ComReg) and a regulatory consultant with Jacobs & Associates and PriceWaterhouseCoopers. Dr. Healy has advised clients in Ireland on regulatory and public policy and on projects supporting governments in Eastern Europe and the middle east. Prior to joining ComReg, Dr Healy was Country Manager with Thomson Reuters and CFO for a Citibank subsidiary in the UK. Dr Healy has a PhD in Government and Law from DCU, an MBA from DCU, a MA Modern History from Middlesex University and is a qualified accountant.

An Dr Gary Healy atá mar cheannaire ar rialúchán agus beartas poiblí ag Telefonica O2 agus mar leaschathaoirleach ar Fheidearálacht Teileachumarsáide Idirlíon i gCónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann. Bhí an Dr Healy ina Stiúrthóir ar Fhorbairt Margaidh sa Choimisiún le haghaidh Rialúcháin Chumarsáide (ComReg) agus ina chomhairleoir rialta ag Jacobs & Associates agus PriceWaterhouseCoopers. Tá comhairle tugtha ag an Dr Healy do chliaint in Éirinn ar rialúchán agus ar bheartas poiblí agus ar thionscadail a thacaíonn le rialtais in Oirthear na hEorpa agus sa Mheánoirthear. Sula ndeachaigh sé le ComReg, bhí an Dr Healy ina Bhainisteoir Tíre le Thomson Reuters agus ina CFO ar Citibank cúnta sa Ríocht Aontaithe. Tá PhD sa Dlí agus Rialtas ó DCU ag an Dr Healy, chomh maith le MBA ó DCU, MA sa Stair Nua-aimseartha ó Ollscoil Middlesex agus tá sé cáilithe mar chuntasóir.

Mr Liam O'Halloran

Liam O'Halloran

Currently a Director of Premium Power an Energy Asset Management company, Liam O’Halloran has extensive senior management experience in multinational electronic and telecommunications companies. Liam previously held the position of Senior Vice President of DEX Europe, a US based company providing Repair and Logistics Services to major electronics multinationals and Vice President of European Operations for Jabil Global Services, a global electronics services company. The owner of Alcomis, a company development consultancy, Liam was also Director of Customer Operations and Regulation at Magnet Networks and later served as Executive Chairman of ALTO, the Association of Alternative Telecommunications Operators.

Tá Liam O’Halloran ina Stiúrthóir ar Premium Power, cuideachta Bainistíochta Sócmhainní Fuinnimh, agus tá taithí forleathan ardbhainistíochta aige le cuideachtaí ilnáisiúnta leictreonaice agus teileachumarsáide. Bhí Liam in Leas-Uachtarán Sinsearach ar DEX Europe, cuideachta bunaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá a chuir Seirbhísí Deisiúcháin agus Lóistíochtaí ar fáil do mhór-ilnáisiúntaigh leictreonaice agus bhí sé ina Leas-Uachtarán freisin ar Oibríochtaí Eorpacha le haghaidh Jabil Global Services, cuideachta domhanda seirbhísí leictreonaice.  Agus Alcomis mar úinéir, comhairleacht forbartha cuideachta, bhí Liam freisin ina Stiúrthóir ar Oibríochtaí agus ar Rialúchán Custaiméirí ag Magnet Networks agus níos moille anonn bhí sé ina Chathaoirleach Feidhmiúcháin ar ALTO, Compántas Oibríochtaí Teileachumarsáidí Malartacha.

Bride Rosney

Bride Rosney

Bride Rosney is currently the Secretary to the Board of Trustees of the Mary Robinson Foundation – Climate Justice of which she was the founding Chief Executive Officer. She was Director of Communications with RTÉ from 2001 to 2009 and worked in the private sector as a communications consultant in the spheres of new technologies and the arts from 1998 to 2001. Between 1990 and 1997, she worked as Special Advisor to Mary Robinson for an eight-year period, during her time as President of Ireland and United Nations High Commissioner for Human Rights.A graduate in Science from University College Dublin and Computer Practice from Trinity College Dublin, with over twenty years experience in education and educational research at both second and third levels, Bride previously worked as a teacher, educational researcher and school principal.

Tá Bride Rosney ina Rúnaí i láthair na huaire ar Bhord Iontaobhaithe Fhondúireacht Mháire Mhic Róibín – Climate Justice agus ba í a bhí mar chéad Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin air. Bhí sí ina Stiúrthóir Cumarsáide le RTÉ ó 2001 go 2009 agus d’oibrigh sí san earnáil phríobháideach mar shainchomhairleoir cumsarsáide sna nuatheicneolaíochtaí agus sna healaíona ón mbliain 1998 go 2001. Idir 1990 agus 1997, d’oibrigh sí mar Chomhairleoir Speisialta do Mháire Mhic Róibín ar feadh tréimhse ocht mbliana, le linn do Mháire a bheith ina hUachtarán na hÉireann agus ina hArd-Choimisinéir ar na Náisiúin Aontaithe le haghaidh Chearta Daonna. Céimí le hEolaíocht ó Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath agus le Cleachtas Ríomhaireachta ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath atá inti, agus tá breis agus fiche bliain de thaithí aici i gcúrsaí oideachais agus i dtaighde oideachasúil ag an dara agus tríú leibhéal, agus roimhe seo d’oibrigh Bride mar mhúinteoir, mar thaighdeoir oideachasúil, agus mar phríomhoide scoile.

Doireann Barry

Doireann Barry

Doireann Barry was appointed to the Board of EirGrid in December 2011 for a period of five years, following her election as the EirGrid staff representative. She has been involved in the electricity industry since 1999 and has worked in many areas across EirGrid. Her current role in the Operations department includes the coordination of generation outages, the publication of the Winter Outlook report and the development of system operational policies. This role involves interaction across the EirGrid Group including SONI and SEMO. She has represented the company both nationally and internationally, as a speaker at conferences and as an active member of working groups in ENTSO-e. She is an Electrical Engineering graduate of University College Cork and is a member of Engineers Ireland.

Ceapadh Doireann de Barra ar Bhord EirGrid i mí na Nollag 2011 ar feadh tréimhse cúig bliana, tar éis di a bheith tofa mar ionadaí foirne EirGrid. Tá sí ag oibriú sa tionscal leictreachais ón mbliain 1999 i leith agus d’oibrigh sí i mórán réimsí in EirGrid. Sa ról atá aici faoi láthair i Rannóg na nOibríochtaí, pléann sí le comhordú bristeacha giniúna, le foilsiú na tuarascála, Winter Outlook, agus le forbairt bheartais oibriúcháin an chórais. Bíonn sí i mbun caidrimh ar fud Ghrúpa EirGrid sa ról seo, lena n-áirítear SONI agus SEMO. Rinne sí ionadaíocht don chuideachta go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta; mar chainteoir ag comhdhálacha agus mar bhall gníomhach de mheithleacha i Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO-e). Bhain sí céim amach san Innealtóireacht Leictreach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus is ball í d’Innealtóirí na hÉireann.

Board of Directors

Directors Code Of Conduct 

 

EirGrid will operate to the highest standards of honesty, integrity, independence and fairness, as enshrined in Directors' Code of Conduct